Bhí fear in a chómnuidhe in aiche le Áth Chinn. Bhí a bhean an-tinn agus chuaidh sé chuig an sagart go dtabhairfeadh sé faoistin dí. Nuair a tháinigh sé go dtí an sagart bhí sé imtighthe go áit eile. Chuaidh sé abhaile agus bhí an bhean marbh. Nuair a bhí an bhean curtha bhí brón an-mhór air. Oidhche amháin bhí sé ag dul go teach comharsan. Nuair a bhí sé ag dul go dtí an teach chonnaich sé a bean ar taobh an bhóthair agus éadaigh fada dhubha uirthi. Labhair sé leis an mbean acht níor dubhairt sí tada. An lá in a dhiaidh sin chuaidh an fear.
(leanann ar an chéad leathanach eile)