Bhí fear in a chómhnuidhe míle ó Cnoch Mágha. Bhí sé ag dul go aonach i dTúaim le bó maidin amháin. Bhí an oidche an-dorcha ar fad agus nuair a tháinigh sé go Cnoch Mágha chonnaich sé lantarn leagtha ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé go dtí an lantarn acht léim sé thar an bhalla. Rith sé in a dhiaidh acht thosuigh sé ag léimniú uaidh go dtáinigh sé go dún mór, ar thaobh an chnuich. Isteach leis an lantarn agus isteach leis an bhfear in a dhiaidh. Rug na sidheóga air agus níor táinigh sé amach fós.
(leanann ar an chéad leathanach eile)