Scoil: Shrule (uimhir rolla 7795/7796)
- Suíomh:
- Sruthair, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuaidh an máthair amach thosuigh sé ag báisteach go h-an trom. Thosuigh an bháisteach ag dul isteach doras caisleáin an fhathaigh agus chuaidh sé amach agus d'iompuigh sé an teach thart ar aghaidh na báistighe. Nuair a tháinig an mháthair abhaile ní fhacha sí an doras agus d'imthigh sí. Fuair an fathach bás nuair a fuair sé amach go raibh an mhathair imtighthe. Chuala a dhearbrathracha go bhfuair sé bás. Bhíodar seo i mBaile an Mhuilinn. Nuair a tháinig na dhearbhrathracha bhí doras caisleáin an fhathaigh faoi glas aige sul a bhfuair sé bás. Ní raibheadar in ann dul isteach sa teach. Chuireadar cré thart ar an gcaisleáin agus ar bhár an chaisleáin go raibh cnoc mór(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seaghán Ó Teadair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Láithmhe
- Inscne
- Fireann