Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leór driosógach ag fás ann fadó.
"Polán an Tobac": Chualaidh mé daoine ag rádh gur b'é seo an áit a gcuireadh na daoine an tobac a ghuidís fadó.
"Polán na gCapall": Chualaidh mé go mbíodh féar iongantach milis ann agus théidheadh na caiple annsin gach lá ghá iththe.
"Fiodhán na Lach Fiadhan": Is é seo an fáth a baisteadh an t-ainm sin air mar bíonn go leór lacha fiadhanna ag déanamh neadracha annsin.
"Logán na Mná Mairbh": Chualaidh mé go bhfuair bean bás leis an ocras san logán sin fadó agus is é sin an fáth a báisteadh an t-ainm sin air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ceachmharcaigh
- Inscne
- Baineann