Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 15_005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an t-amadán gur ag caoineacán a bhí sí. Bhí truaige aige di agus sgar sé an corna flainín uirthe. Chuaidh sé abhaile ag an teach annsin agus ní raibh flainín na tada ag teacht aige. Seadh a Sheáin arsa an t-athair ar sheól tú na beithigh agus ar thug tú leat an corna flainín ó'n bfígheadóir. Thug mé liom an corna flainín ó'n bhfigeadóir agus sgar mé ar an gcloich é a bhfuair mé an bútais óir fútha, mar bhí sí ag caoineachán agus bhí truaighe agam di mar gheall gur thóig mé an bhútais uaithe. Muise amadán tú a Sheáin acht gur eirigh do saidhbhreas leat deir an t-athair.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Artúir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Foraí Maola Thoir, Co. na Gaillimhe