Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 15_003
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)deir Seán. Thaínic an t-athair aníos go dtí é annsin. "Céard a tá tú ag déanamh annsin" deir an t-atair. "Tá mé ar gor ar na h-uibheachaí deir Seán. D'ith mé an gé a bhí ins an bpota. Mharbhuigh mé a ghé a bhí ar gor ar na h-uibheachaí agus chuir mé ins an bpota í. Bhí na h-uibheachaí fuar annsin agus chuaidh mé fhéin ar gor orra". Amadán thú a Sheáin arsa an t-atair. D'fhiafruigh an t'athair de annsin cá ndeacha an pórtar. "Buail tart mé agus chuaidh mé ag baint deoch as" deir Seán agus d'imtigh sé ar fud an urláir orm annsin. Fuair mé an mála plúir a bhí ins an gcómhra agus thriomuigh mé leis é. Muise is amadán tú a Sheáin" deir an t-athair aríst. D'fhan siad ag caitheadh na bainse go raibh sé na oidhche. Sgaip siad annsin agus cuaidh muinntir an tighe a chodladh. Nuair a tháinic an mhaidin d'eirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Artúir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Foraí Maola Thoir, Co. na Gaillimhe