Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 15_001
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh. La na bainse chuaidh siad ghá bposadh agus d'fhan an t-amadán istigh ag cumhdach an tighe agus ag feistiú an deinéir.
Mharbhuigh sé gé agus chuir sé síos ins an bpota í. Nuair a bhí an ghé bruidhte aige. bhí sé ag siubhal thart ar fud an urlair ag súil le lucht na bainse acht níor airigh sé aon duine ag teacht. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé ceatrú de'n ghé. Nuair a bhí an cheathrú ithte aige deir sé. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé an ceathrú eile". Nuair a bhí an dá ceathrú ithte aige deir sé. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé ar fad í." D'ith sé i. Bhuail tart annsin é agus bhí leath-bhairrle portáir tuas ins an seomra agus chuaidh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Artúir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Na Foraí Maola Thoir, Co. na Gaillimhe