Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an diabhal. Acht níl aon airgheadh agam. Acht nach feidir leat-sa píosa leat-cronach a dhéanadh dhíot féin is féidir. Rinne an diabhal piosa leath-chrónach de féin agus bhuail an gabha síos i na sparán í agus níor fhéad sí imtheacht as sin. Sa leabhaidh sa n-oidhche chuir sé an sparán faoi an bphiliúr agus bhí an diabhal ag criatheamh na slabhraí thíos sa mála. Dfhiafruigh an bhean dhe céard a bhí ag déanadh torainn A is gearr a bheas sé ag déanadh torainn arsa an gabha. Amach leis sa gceardca agus leag sé an sparán ar an inniúin agus thosuigh an diabhal ag sgréachaighil agus ag iarraidh é leigint as agus nach mbacfadh sé go brádhach aríst leis. Leig sé as é agus nuair a fuair an gabha bás chuaidh sé go dtí na flaithis.
Dubhairt an fear a bhí ar an doras nach raibh aon ghlacadh leis mar gheall ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gráinne
- Inscne
- Fireann