Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 10_018
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 14ú Samhain 1938
    Oíche Shamhna
    Is í anocht oíche Shamhna. Is í an fhéile is mó í in mí na Samhna go léir. Bhí féasta mór ag na mnáibh ins gach teach. Bíonn na fir ar cuairt insna tithe agus iad ag imirt cártaí. Bíonn úlla acu agus caitheann siad i dtobán uisce iad. Tugann duine i ndiaidh duine ag tumadh a gcinn síos ins an uisce ag iarraidh an t-úll a fháil. Deirtear go mbíonn na capaill bána ag imeacht thar an oíche Shamhna. Is ceart an t-uisce a thabhairt isteacht roimh dul faoi na gréine. Ní cheart aon sméar a ithe ó Oíche Shamhna amach mar bíonn na púcaí dhá n-ithe an oíche sin. Seo cleas a bhíonn sa teach Oíche Shamhna. Cuirtear maide ina seasamh i lár an urláir. Leagtar clár mór ar a bhárr, ceithre coirnéal a bhíonn air. Ar cheann an clár leagtar cáca agus milis ar an ceann eile, úlla ar an gceann eile, milseán ar an gceann eile deiridh, agus cuirtear coinneal agus í ar lasadh. Ansin cuirtear duine de gasúir an tí amach ar an gclár. Bíonn an spóirt acu ansin. Bíonn siad ag iarraidh breithe ar an úll nó ar an cáca milis nó ar an milseán agus ins
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge