Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 10_012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 10_012
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus d'imthig sé féin agus a mac amac san oidhche. Bhí siad ag dul síos le cladhach. Connaich an mac an rud dubh ag teacht aca. Tháinig faithchíos mór air. 'Spáin sé dá athair é. Níor rinne an t-athair tada ach gread sé chomh maith agus b'féidir leis é. Gread an mac i na dhiadh ac ní raibh sé chomh éasga leis. Lean an rud íad. Thósaigh an mac ag béiceadh agus ag caoineadh ach ní fanfadh an athair leis. Bhí an rud i na ndiadh i gcomhnuidhe. Ach nuar a tháinig siad go dtí earcair ní fhacadar é ní ba mho. Tháinig an mac suas leis an athair annsin agus chuadar abháile le faithcíos. Chuadar a codhladh agus d'éirigh an t-athair go moch ar maidin agus chuaidh sé síos ins an áit céadhna. Breathnaigh sé thart air agus céard a d'fheicfead sé ach gabhair isthig faoí an aill. Chuimhnigh sé annsin go mbféidir gurbhé an gabhar a lean é. Mar leanfad gabhar thú san oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Fláithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe