Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_053

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_053

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 09_053
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is í an oidhche anocht Oidhche Shamhna. Bíonn an-spórt ins gach teach an oidhche sin. Sin nós a bhí ann ariamh agus leanadh dhe ó shoin. Gach oidhche Shamhna fághann fear an tighe ulbha agus rudaí eile le spóirt a bheith sa teach. Fágann sé píosa téid agus crochan sé ó barr an tighe é. Cuireann se ubla ar a bhárr agus bíonn na paistí ag iarraidh breith ar an uball le na mbéal. Seo cleas eile a bhíonn san teach oidhche Shamna. Cuirtear maide i na sheasam i lár an urláir leagtar clár mór ar a bhárr, cheithre, coirnéal a bhíonn air. Ar cheánn an cláir leagtar cácha milis, ar an cheánn eile, ubla, ar an ceánn eile milseáin ( ar an ceann eile) agus ar an ceánn deiridh chuirtear coineal agus i ar lasadh. Cuirtear timcheall é annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge