Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 09_011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 09_011
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí toibreacha beannuighthe san oileán seo. Seo iad íad, tobar Isleamáin atá shíos in aice le ceánn gainimhe tobar chinn deirge atá taobh thuas de'n séipeal agus tobar Ceanannach atá thoir ag an reilig san teampall. Deirtear faoí thobar Isleamáin go dtháinig Naomh Isleamáin i dtír úair amháin ann agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a dhá lámh agus a dhá glún ann ó shoin. Deirtear faoí thobar Chinn Deirge gur thug fear aon úair amháin uisce as le chur sa túlán agus deirtear nar fhiuch an t-uisce dhó. Ní thugtar aon turas ar thobar Isleamáin, acht tugtar turas ar thobar Chinn Dheirge ar an cúigadh lá déag de Lughnasa. Ní tugtar aon turas ar thobar Ceanannach ach oireadh. Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas téigheann síad timcheall seacht n-uaire agus tugann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Flaithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fláithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe