Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 08_022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 08_022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 08_022
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí naonmhar fear i gConamara na gcomhnaidhe lé chéile agus bhí bád aca. Bhí an mhóin go h-an fhairsing an bhliadaoin seó. Bhí an fhairrge go h-an chuin leis agus shocruigh beirt aca go ngoach siad lé móin go Gaillimh. Aon lá amháin chuir siad go leor móna síos ag an gcaladh agus bhí an oidhche ann nuair a bhí an bád luctuighthe leis an móin aca. Bhí siad le seolad an lá ná dhiadh dá mbeadh sé go breágh. Tháinig an lá ná dhiadh sin go breagh mar ba mhait leó acht bhí rud beag ceó ann. Mar sin féin chrocadhar na seolta agus sheoladar leó. Nuair a bhí siad leath-bheallaigh go Gaillimh thosuigh an ceó ag teacht timhceall ortha. Nuair a bhí siad ag ceann bóirne ní fhocuig siad tallamh ar bith acht ceó. Is annsin thosuig an baisteach agus dhárdhuigh an fhairrge. Chuaidh duine aca amach 'un thosuig don mbád leis an seól tosaig a fháisgeodh. Nuair a bhí sé ag fáisgead an tseoil tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Fáthartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe