Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 08_008
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí athair agus mac ann fadó agus bhíodh siad ag troid gach lá in-agaidh a chéile go minic. Lá amháin shocruigh an mac ar a athair a bháitheadh mar dubairt an t-athair leis an mac nach dtúibhradh sé a fheilm dhó go ndiolfhadh sé í. Sul ar fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dubhairt an mac leis go ngabhfhadh siad amach ag iascach agus bhí an t-athair sásta mar síl sé gur maith leis an mac é sin. Chuadar amach acht sul ar fhág an mac an teach thug sé aráin leis i ngan fhios d'on athair. Nuair a bhíodar sgathamh maith amach thosuigh siad ag iasgach agus ní rabhadar ag fághail aon iasg agus chuadheadar amach sgathamh maith sa bhfairrge. Bhuail ocras an t-athair agus ní raibh sé indan aon iomrádh a dheanamh. Bhí ocras chomh mór sin air go raibh sé go dona agus ní thuibarfadh an mac aon phiosa do'n arán dhó agus fuair sé bás leis an ocras agus chaith an mach amach sa bhfairrge é. Tháinig an mac i dtír agus bhí sé sásta. Chuaidh an mach abhaile agus bhí sé ag ithe an cháca suas roimhe go sroic sé an teach. Cúpla lá tar éis an t-athair a beith básuighthe bhíodh sé ag teacht gach oidhche sa teach agus d'imthigheadh sé arís ar a dhó dhéag a clog. Bhíodh faitchíos ar an mac agus sé go ndeanfádh sé teach dó féin agus go mbféidir nach mbeadh sé ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bartle Ó Meachair
- Inscne
- Fireann