Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 07_028
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé an fada i na shuide 'cuile oidhche ag obair. Aon oidhche amháin tháinig fear isteach aige agus slat aige. Bhí an fear a bhí san teach ag dhéanamh bróg. D'fiafruigh an fear a tháinig isteach cé'n fáth nach ndeachaid sé a chodladh. Níor leabair an fear 'chor ar bith agus bhí dath chomh geal leis an sneachta air. Tuith an bróg as a láimh agus thóg an fear eile í. Ghread sé amac leí. Léim an fear a bhí isthig go dtí an doras agus dhun sé é. Rith sé a codhladh agus faitchóis air. Bhí se go dona ar maidin ach faitchíos a bhí air. Ó'n oidhche sin amach bhíodh sé imthighthe a codhladh ó gabhfadh an ghrian faoí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Fláithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe