Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 07_014
  3. XML “Tráchtas - Bia na Seandaoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an méid bidh a d'itheadh na sean daoine fadó sa ló na trí béile: béile ar maidin, ar am dinnéir agus béile tráth-nóna agus fataí a bhíodh aca le na n-agaidh bíod faocain agus báirnigh aca leis na fataí. Bíod said 'chuile mhaidin ag obair roimh an mbéile. Bíodh siad ag obair go cruaid agus is amhlaidh theighead dinnéar amach ar an garraidh aca. Ní bhíod an plúr ann an t-am sin agus bhíodh go leór mín bhuide aca agus déanaidís cáca as sin. Bhíod siad ag baint sgeacha le h-aigidh teineadh. Ní bhíod mórán tae aca ach bhíod bainne go leór aca le n-ól. D'ithidis uibheacha Domhnach Cásga. Bíodh ubh no dó ag cuile duine acha an lá sin. Ní bíod aon chupáin aca go dtí le gairid saspáin a bhíodh aca. Bíodh siad ag marbheadál ar biadh an chalaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge