School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 06_046
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an Éarrach bhí go leór currach ag iasgaireacht langaí. Ins an tráthnóna tháinig ceo, agus tháínig siad isteach. Ní raibh morán baoití aca agus chuaidh siad go Inisthíor. Bhí ceó an-trom ann. Shroisuigheadar an t-oilean slán. Nuair a bhí na baoití fáighte ag cuid aca tháínig siad arís acht d'fhan dhá currach aca thoir. Tháinig an ceo níos truime nó gur ar éigin a d'fheicfeá duine a bhéadh an taobh eile dhíot. D'fagadar an t-oileán agus shil siad gur ag teacht go dtí an t-oileán a bhí siad. Bhí taoille tuille ann agus tharraing sé le fánaigh iad. Bhí siad ag imtheacht leó ar feádh na h-oidhche agus gan fhíos aca cá raibh siad ag dul. An lá in na dhiaidh sin bhí sé chomh dona céadna agus bhí siad ar an bhfairrge. Ní raibh a fhíos aca cad a deánfheadh siad. Bhí siad ag ithe an iasg fhuair a bhí san gcurrach aca le ocras. Tar éis dhá lá a chaitheadh amuigh shrois ceann aca coasta Chonndae an Cláir agus chonnaic cailín beag iad a bhí ag bréathnú ar caoirigh. Chuaidh sí go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male