Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 06_024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 06_024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 06_024
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó, agus is fadó a bhí. Bhí triúr mac aige. Lá amháin chuir siad amach na líonta, agus go leór daoine eile. Bhí an lá go han bhreágh, acht nuair a tháinig an oidhche. D'éirigh an fhairrge agus tháinig gála agus ar maidin ní raibh aon churrach i nann dul amach ag tógeáil na líonta. Do réir mar bhí na báid ag dul amach bhí siad á mbáthadh. Nuair a bhí an triúr mac seo ag imtheacht ag tógéal na líonta. Bhí an t-athair ar an leaba agus é tinn. Dubhairt sé leis an mac ba shine píce a fhághail agus splannc a chur ar an spíce a bhí ar a bhárr agus nuair a bhédh an tonn mór ag teacht an píce a chaitheamh ann agus go mbhéadh leo acht níor thug sé leis é. Dubhairt sé leis an dara mac é acht níor thug. Dubhairt sé leis an tríomhadh mac é agus thug. Máirtín Ó Conn Ríogh an t-ainm a bhí ar a n-athair agus ní raibh sé in ann dul i n-éinfheacht leo. Thug an mac ab'óige leis an píce agus an spannc, agus nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micil Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann