Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_016
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl mórán sgéalta ag muinntir an Oileáin ar mhórán rudaí móra a thuit amach lá amháin ins an Earrach nuair a bhí na daoine ag leasú na bhfataí. Chuaidh fear ag bailiú feamainne agus d'eirigh sé ag a trí a chlog ar maidin. Nuair a chuaidh sé síos bhí an oidhche dubh agus ní raibh mórán eolas aige ins an áit mar ní raibh an fear eile ariamh ins an áit sin agus bhí faithchíos air. Bhí an madadh aige agus nuair a chuaidh sé síos fao'n ulán i garcair Pheadairín Bhriain chonnaic sé rud mór dubh, amach uaidh agus rud geal ó's a chionn. Thosuig an madadh ag tafaint agus nuair a thosuigh, thosuigh capall ag seithreach, thosuigh bean ag gáirídhe agus thosuigh marcach ag tiomáint. Chuaidh sé sall go dtí an áit ar airigh sé an tuathbhás. Nuair a chuaidh, chuaidh capall amach uaidh an ulán agus bean ag fear ag marcuidheacht air. Bhí an bhean agus an fear agus capall básuighthe ins an oileán nuair a tháinig an lá. Bhí Seáinín Pháidín(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe