Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_003
- XML “Tráchtas - Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go h-eascaidh ins an oidhche bíonn aimsear gharbh air. Nuair a bhíonn sé trom dorcha bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn na madraí ag ithe féir bíonn báisteach air.
Nuair a bhíonn asal nó capall na seasamh ilár buaile agus a gcloigeann ó dheas aca bheidh an t-Earrach a thiocfaidh na dhiadh go breágh.
Nuair a bhíonn na seilmide, na mialtóga agus na suigáin amuigh bionn baisteach air. - Tá mé in mo chomhnaidhe ar bhaile an Mhóthair an baile is fuide soir ins an Oileán. Tá trí cinn fhichead de tighthe ann agus sin é a raibh ann acab ariamh mar nuair a leagadh teach deineadh teach nua ina áit. Tá dhá theach slinn ann agus teach is fiche de thighthe a bhfuil tuighthe ortha. Is é an sloinneadh Fáthartaigh an sloinneadh is coitchianta ann. Is é an fáth gur bhfuair an baile an tainm sin mar bhí bothar ag rith thríd sul má bhí aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann