Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 05_034
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 14ú Mí na Samhna 1938
Oíche Shamhna
Bíonn úlla ag gach duine ‘Oíche Shamhna’. Agus bíonn féasta ag an aois óg i dteach áirithe an oíche sin leis. Ceannaíonn siad cácaí milis, úlla agus milseáin. Bíonn siad ag tumadh i dtobán agus faigheann chuile dhuine trí sheans agus munar féidir leis an duine sin an t-úll a thógáil, téann duine eile isteach ina dhiaidh, bíonn siad ag tumadh ar airgead leis. Bíonn na sean-ndaoine ag rá nach ceart aon sméar ná ónóra a ithe ón oíche sin amach mar go mbíonn na sióg ar leo, bíonn siad a rá freisin gur ceart uisce bheith istigh roimh dul faoi na gréine i gcoir na h-oíche sin leis. Is ceart luaidhe a leagadh i mbosca agus nuair bhíos sé leagtha dórtar síos i n-eochair é agus treigheann sé síos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann