Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 05_026
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ag iarraidh runnachaí thíos ag "Ceann gainimhe" uair amháin. Bhí se go dearneac san oidhche agus tháinig siad idtír ar an tráig act sul a dtáinig siad idtír chonnaic siad dhá phlód daoine ag troid ar an tráigh, chuaid siad idtír agus bhí siad ag éisteacht i gcomnaide leis an gcainnt agus bhí plód aca a rad gur leo fein an dún agus bearla a bhí siad a labhairt. Chuaidh na fir iasgach suas do dtí an dá phlód agus chonnaich siad gurbh amhlaidh a bhí muinntir an oileáin ag troid le sasanaigh a bhí ag iarraid toileán a thogál agus chuadar síos go dtí an corrach arist ag iarraid dhá sgian nuair a tháinig siad aníos chuaid siad ag troid ar son an oileáin agus fuairead an buadh agus mharbhuigheadhar gach duine des na Sasanaigh agus nuair a bhí siad ag dul suas(leanann ar an chéad leathanach eile)