Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 05_012
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí corach as an Oileán amuigh ag iasgach ar an taobh ó dheas timceall fiche bliadhain ó shoin. Bhiodar ceathair nó cúig mhílte amach o'n talamh agus i lár an lae chonnaic síad fear ina sheasamh san bhfairrge tamall uatha agus faoí cheann tamaill chuaidh sé faoí uisge arís. Bhí fear eile ag tarraingt fataí tamall ó shoin agus nuair bhí sé ag dul aníos le tráigh Leitrigh chonnaic sé corrach ag dul suas le h-ais an crága agus í déanam ar an slip agus nuair a bhí sí gar d'on slip ní faca sé chor ar bith í. Oidhche amháin san ngeimhread tamall ó shoin chuaidh fear síos ag an gcladach ag bailuighadh feamaine. Síos tráigh teach a chuaidh sé agus ní raibh sé acht an aon a chlog san oidhche agus thug sé an mada leis. D'ísligh sé síos san gcladach agus ní raibh aon fheamain ann. Tháinig sé aníos arís agus nuair a dárduigh sé as an gcladach chonnaic sé rud dubh istigh i mbuaile le na ais. Coinnigh sé air agus faoí cheann tamaill dairigh sé an torann i na dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairtle Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe