Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 05_006
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 29adh Samhain 1937
    Tá trí toibreacha beannuighthe ins an oileán seo agus seo íad íad, "Tobar Chinn Dheirge" atá i bpáirc ar ar taobh ó dheas de'n séipéal. "Tobar Isleamáin" atá i bpáirc le h-ais an mhuirbhthigh taobh thíar de'n chaladh mór agus "Tobar Cheannach" atá sa bpáirc atá ar an taobh ó dheas de'n reilig. Bídhtear ag tabhairt turas corr am go dtí tobar Chinn Dheirge agus níl aon lá faoi leith ceapaidhthe le é a thabhairt. Tobar cruinn seadh é agus tá sé timcheall trí troighe ar fhaid agus dhá throigh go leith ar léithead agus timcheall chúíg troighe ar dhoimhneas agus tá leacha beaga cloch timceall air. Ins an bpáirc ar an taobh ó dheas de'n tobar tá leabadh ar a dtugtar "Leabaidh Chinn Dheirge" agus tá sí déanta as clocha. Deirtear go raibh crois innti fadó agus bhí sí déanta go h-an deas. Chualaidh Presbitéiríánach go raibh an chrois sin ann. Lá amháin tháinig sé agus ní raibh fhios ag na daoine cérbh é . Chuaidh sé go dti an leabadh, bhí sé sgriobhtha síos ar leabhhar aige cé'n áit a raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bairtle Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann