Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_034
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí píobaire ins an Oileán séo fadó, agus chuaidh sé isteach ins an uaimh atá ins an oiléan séo ins an bfóghmhar. Ní raibh sé acht istig ins an úaimh nuair a thosuigh se ag seinm céoil. Nuair a síl sé dul amach as an uaimh bhí an béal dunta le clocha móra. Bhí poll beag caol ag imtheacht as an seómra i na raibh sé. Chuaidh sé isteach ins an bpoll agus thainig sé amach i séomhra eile. Bhí an áit dubh. Bhí fathcíos mór air. Rug duine ar láimh air agus ghéit sé go mhór. Tarraing sé a lámh uaidh agus shubhail sé romhe. Ní raibh sé i bfhad mar sin nuair a chasad cnoc mhór air. Chuaidh sí síos an cnoc. Bhí sé ag subhail go dtanaig sé go dtí aill chonnaich sé solas beag trí pholl beag a bhí os a chionn.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann