Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biadh na Sean-Aimsire.
Dá béile sa ló d'iteadh na daoine fadó. Fataí agus cáca a dhéanfadh siad as fataí a bíodh aca. Ba ghnáthach le daoine obair a dhéanamh roimh an gcéád béile ar maidin. Bíodh daoine ag dul amach ag iasgaireacht ar maidin agus ní bíodh aon béile ithe aca acht fataí bruichte agus cáca fataí agus uairannta ní bíodh fataí ná aon rud aca agus caitheadh siad mareóchtáil mar sin go dtí go dtagadh siad abhaile sa tráthnóna agus ní bhíodh acu an t-am sin féin acht béile suarach. Fataí agus cáca fataí a d'itheadh siad ag gach béile. D'Ithidís fataí gach lá mar ní bíodh aca acht fataí i gchomhnuidhe. Ní olaidís a lán bainne mar ní mbíodh mórán bainne ann an uair sin. As Ciséoig nó stól a d'ithidís. Ní bhíodh aon bord sa teach mar do bíodh na daoine bocht agus ní bhíodh aon airgead aca le bord nó aon rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann