Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 02_019
  3. XML “Lá Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag cur síolta i gcóir na bliadhna. Dubhairt Naomh Brighde fadó gach 'ra lá óm' lá-sa amach" agus dubhairt Pádhraic go mbheadh gach lá ó ná lá féin amach go bhreágh. Oidhche Brighde ba cheart do gach duine crosóg a dhéanamh agus í a chur suas ar bhalla an tighe. Is le dhá chipín adhmaid a bhíonn an chrosóg déanta. Deirtear gur dhubhairt na sean-daoine dá mbeadh Lá Fhéil' Brighde garbh, go mbheadh an bhliadhain ar fad go bhreagh. Bíonn na cailíní ag imteacht le brighdeóig oidhche Brighde i n-onóir dhí. Bíonn na laetheanna ag dul i bhfaid agus na h-oidhcheanna ag dul i ngiorracht. Bíonn na daoine ag tógáil faochain agus bairnigh Lá Fhéil' Brighde mar deirtear gur ceart do gach teach iasg beo a thabhairt isteach an lá sin. Tuiteann Lá Brighde ar an gcéad lá de Feabhra gach bliadhain. Ní bíonn na daoine ag dhéanamh aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dara Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann