Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_012
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfear an uair sin go ceann tamall eile. Annsin uair eile bhí an fear ag teacht ar ais agus do chonnaic sé go leór rudaí móra bána ar thaobh an bhóthair. Do bhí faitchíos ag teacht air agus níor bhfada go raibh na ruadaí a bhí ar an mbóthar ag rith na dhiaid. Mar sin féin do congbhuigh an fear air i gcomhnuidhe go dtí go dtháinig sé abhaile agus nuair a tháinig sé abhaile bhí na rudaí go léir in na dhiaidh agus d'imthigh siad uatha chomh luath agus tháinig sé 'bhaile. Ní fhachadh sé iad ó shoin. Sa bFóghmhar bhí fear ag baint fhataí ins an ngarrdha agus do thuit sé na chodhladh ann. Faoi cheann tamaill ba ghearr gur dúisigheadh an fear. Chomh luath agus do dhúisigh sé do chonnaic sé go leor daoine ar bhruach na h-aille, agus dubhairt siad leis imtheacht as an ngarrdha gur leó féin é, agus dubhairt sé nach n-imtheochadh. Do bhíodar ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann