Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 01_029
  3. XML “Trachtas - Seanscoileanna”
  4. XML “Tráchtas - Luibheanna”
  5. XML “Cuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor luibheanna ann ghnitheas dochar don talamh ar nós brannfhear, cabóg ruadh, ruibh preachán, neantógaí, sleasanna cabógaí milis agus driseacha. Cuireann siad sin ar fad na barraí ó fhás. Tá leigheas le fághail i meacain leoin, i nglunach dearg agus i buileanna. Níl sé ceart maide siubhail a bheith agat as sgeich bháin. Itheann na daoine duileasc agus tugtar dos na muca freisin é le n-ithe. Fásann an duileasc sa gcladach ins na buláin. Bítear ag dathú snáth fadó le luibh chun dath buidhe a chur air. Is amhlaidh a chimilidís an luibh don snáth agus go mbeadh dath buidhe air. Tá planndaí ann go bhfuil nimh ionta - boidín gemridh agus bainne bó bleachtáin. Tá an bainne bleachtáin an dona le n-ithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Choinceanainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
  2. Tá cuinneog againn sa mbaile agus is rud an-úsáideach é le maistire a dhéanamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.