Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 01_011
  3. XML “Tráchtas - Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí toibreacha beannuighthe ins an n-oileán: 'tobar Isleamáin', 'tobar Chinn Dheirge' agus 'tobar Cheanannaigh'. Tá tobar Isleamáin suidhte in aice le claidhe gainimhe, tobar Chinn Dheirge ar thaobh do láimhe clé den bhóthar in aice an t-séipéil agus tobar Cheanannaigh i bpáirc an taobh eile den teampall. Bíonn daoine ag tabhairt turais ar thobar Chinn Dheirge go minic. Deireadh na daoine go bhfuil leigheas le fághail as tobar Chinn Dheirge. Tugann daoine turas ann an cúigeadh lá déag de Lughnasa gach bliain.
    Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt an turais tógann siad seacht gclocha agus teigheann siad timcheall seacht n-uaire agus annsin teigheann siad ar a nglúinibh agus abrann siad seacht fáilte an aingil, seacht ár n-Athar agus seacht glóire don Athair. Nuair a bhíonn siad réidh ólann said deoch den uisce agus fágann siad rud éicint 'na ndiaidh ann. Deirtear gur tháinig Naomh i dtír i dtobar Isleamáin uair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Choinceanainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Choinceanainn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe