Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá go leor comharthaí ag na seandaoine le faisnéis a thabhairt ar an sórt aimsire bhionn le teacht. Baineann siad meabhair as an ngealaigh, as an ngrein, as na néalta, as an bhfairrge, as an ngaoith, as an speir agus as rudaí beo.
(a) Deireann na daoine nuair a bhíonns an ghealach caithte ar a tóin ins an speir go mbíonn droch aimsear air. Nuair a bhíonn's fáinne mór mór thimcheall uirthi freisin bíonn droch-uair air. Nuair a bhíonn's an ghealach ag seoladh gaoth aniar bíonn uair bhreágh air. Nuair a bhíonn's an ghealach nua le feiceáil go luath is ionndual gur aimsear gharbh a thugann's sí againn agus nuair nach mbíonn sí le feiceáil go ceann seachtmhaine is uair bhreágh a thugann's sí léi.
(b) Nuair a bhíonn's an ghrian an-dearg ag dul faoi di bíonn báisteach air. Má bhíonn cosa fada ón ngréin sa tráthnóna bíonn uair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conceanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe