Scoil: Sgoil na mBuachaillí (1), Ráthdroma

Suíomh:
Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin
Múinteoir:
Pádraig Ó Cuinneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1127, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1127, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sgoil na mBuachaillí (1), Ráthdroma
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar beannuighthe san Maoilín ar a dtugtar "Tobar Frocáin".
    Tá sé suidhte cois an bhóthair taobh istigh den claide. Tá gaineamh chomh bán le h-airgead agus idir samhradh agus geimhreadh bíonn an t-uisge chomh-fhuar.
    Deirtear go raibh teampall sa pháirc sin fadó, agus tugtar "Pairc an Teampaill" ar an bpairc sin fós.
    Tá crann sgeiche ag fás i lár na páirce agus deirtear go bhfuil uaimh fé'n gcrann agus culaith an Aifrinn san uaimh.
    Síltear gur deineadh an uaimh sin in aimsir Cromaill mar is cinnte go raibh na "Troopers" go flúirseach timcheall na h-áite, nuair a fuair an baile an ainm béarla Trooperstown, in ionad An Maoilín. Níor bhain aonne chraobh den chrannsan riamh agus go dtí an lá indiu bheadh eagla a saoghail ar na daoine bac leis. Ní bhíonn aon turas go dtí an tobar agus níor chuala go raibh riamh, Dubhradh liom go bhfaca fear éigin an Mhaighdean Muire na seasamh ós cionn an tobair fadó.

    M. ní Chuanaigh
    S.N. Maoilín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    M. Ní Chuanaigh
    Inscne
    Baineann