Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Iníon an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt an Rígh leis go dtabharfadh sé an obair sin do.
    Do thárla go raibh an Rígh agus an Rígh-Theaghlach go léir ana-bhrónach an t-am so go h-áirighthe. Do bhí an áit go léir dubh agus éadaighe dúbha ar gach duine aca.
    Do cheistig Seán na cailíní aimsire agus do h-innseadh do gurab' amhlaidh a ghealladh inghean an Rígh do fathach mhór fadó agus go raibh sé le teacht an Dardaoin 'na dhiaidh san chun í a thógaint.
    D'innseadar do go raibh sé le teacht trí Dardaoin in dhiaidh a chéile agus muna n-eireódh leis í a thógaint ansan ná féadfadh sé í a thógaint in-aon-chor.
    D'innseadar do leis go raibh fear ann abhí chun í a shabháil agus ansan dá sabhálfadh sé í go bhfaghadh sé í le pósadh.
    An tráthnóna 'na dhiaidh san do chuaigh an cailín agus an fear abhí chun í a shabháil síos go dtí an tráigh 'na raibh an fathach le teacht.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí