Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 092

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 092
  3. XML “An Bheirt Driotháir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    t-aonach ad' iarraidh an crioceann a dhíol ach ní cheannóchadh aoinne uaim é ar aon-chuma" ar seisean. "Agus cad a dheinis leis" ar sise "b'éigin dom a dhíol fé dheire ar cúig sgillinge" ar seisean "airiú" ar sise "Ní h-aon duine thusa i gcóir aontaig ná margaidh" ar sise "Cad na thaobh ná bíonn tú mar do dhrithár agus na margaidh a dheineann sé.
    "Á" ar seisean "bíonn an t-ádh leis sin i gcómhnaidhe agus tá sé ana cháirdeamhail leis an bhfirín mbeag agus ó's rud é go bhfuilimíd saidhbhir ní bhíonn aon truagh aige dhúinn agus óir tá an fear eile chómh bocht go mbíonn truagh aige do agus siné an cúis go ndíolann sé go maith é as gach aon rud a dheineann sé."
    Do chasadh an fear bocht ar an bhfear saidhbhir cúpla lá 'na dhiaidh san "Ar mharbhuighís an bó dubh san?" arsa'n drithár bocht leis an ndrithár saidhbhir. "Do mharbhuigheas mhaise" ar seisean "agus do bhaineas an croiceann de. " "Agus cad a dheinis leis?"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Sheáin Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí