Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1126, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    7.
    Paidir.
    Na seacht n-Aingil is sine
    Na seacht n-Aingil is órtha
    Na seacht n-Aingil is mó chómhacht
    i gCathair na Glóire
    Ár ngárdáil ár sabháil is ár seoladh
    Is ag breith ár n-anam go Cathair na Glóire.
    8.
    An taidhbhreamh a deineadh do Pól
    Is é ag dul go Róimh na Reamh
    D'innis Pól do Chríost é
    Agus dubhairt Críost gur mhaith,
    Breith Muire agus a Mic ar árd-aidhreamh
    Nimh ár n-aisling ar ár naimhde
    Sinn féin agus ár ndaoine go maith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge