Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí Seán ag éisteacht leis seo feadh na h-aimsire.
Do labhair seana-préachán eile agus dubhairt "Ní bheidh sí aige ansan féin" ar seisean "Mar nuair a bheidh an féasta aca an oidhche sar a pósfar í nuair a bheidh sí ag rinnce beidh sí ana mhilítheach agus tuitfidh sí i laige ar an dtalamh." agus geoghaidh sí bás i gcionn trí lá."
"Ach an bhfuil aon leigheas ann dí ?" arsa préachán eile. "Tá" ar seisean "Cadé an leigheas é?" arsa'n préachán. "Nuair a thuitfidh sí ar an dtalamh i laige, má ritheann aoinne cúiche agus í a thógaint suas agus trí broanacha fola a dhúir ó méar tosaig a láimh clé mairfidh sí.
Ach cé aige go bhfuil an fios san?" ar seisean. "Agus má thá a fhios ag aoinne féin é agus má neosann sé d'aoinne beo é iompóchfar chun cloiche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí