Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cloiche é an neomat san."
"Ní bheidh sí aige ansan féin" arsa préachán eile. "Mar nuair a raghaidh siad isteach go an Rígh-Theaghlach beidh gúna ar phláta mhór i gcóir an cailín áluinn agus cheapfadh aoinne le féacaint air gur d'ór is d'airgead a bheadh sé déanta ach is do phich a bheadh sé déanta agus má chuireann sí air é dóighfidh sé í ó'n gcnámh go dtí an smior agus ó'n smior go dtí an smúsach" ar seisean.
"Ach an bhfuil aon leigheas ann do?" arsa'n préachán eile. "Tá" ar seisean "Cad é?" ar seisean. "Má chuireann aoinne peidhre láimhinní air féin agus breith ar an ngúna leo agus é a caitheamh isteach sa teine saorfar an cailín ach cé aige go bhfuil an fios san agus má thá a fhios ag aoinne féin é agus má innsean sé d'aoinne beo é iompóchfar chun cloiche é an neomat a bheidh an focal deirinneach ráidhte aige."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí