Scoil: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eitilt ó's a gcionn.
San am san do bhíodh caint ag na h-éanlaithe agus ag na h-ainmhidhthe. Do thosnuig na préacháin ag caint eatorra féin mar gheall ar mhac an Rígh. "Tá sí aige" arsa duine aca "Tá" arsa'n ceann eile "ach ní fada a bheidh mar nuair a shroisfidh siad an tír tiocfaidh each breach fé na ndéin.
Léimfidh an cailín in áirde ar an gcapall agus má léimeann imtheóchaidh an t-each léi agus ní fheicfidh sé í a thuille." "Ach an bhfuil aon leigheas ann?" arsa préachán eile. "Tá" ar seisean "Cadé an leigheas é?" arsa'n préachán "Nuair a raghaidh an cailín in áirde ar an eich má théigheann an buachaill in áirde ar an eich 'na dhiaidh agus é a lámhach saorfar an cailín ach má tá cé aige go bhfuil an fios san agus má tá a fhios ag aoinne féin é agus má inseann sé d'aoinne é iompóchfar chun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí