Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Comhla”
  4. XML “Rabhadh do Mháirnealach Loinge - Sliabh na mBan bhFionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Feach bun leathanach a 119
    maireann daoine meadhan-aosta (Bill Richard &c) a chualaidh glórtha agus gáire agus gol nár bhain leis an saoghal so sa bhaile fearain so ist oidhche. Innseadar dom é.
    ---
    Bhí crann ann, agus aoinne a chuir tuagh i bfeidhm uirthe riamh cailleadh é. Thuit an crann sa deire ach má thuit fagadh ann é gan dodhadh gur fhéoch an aimsear é. Ní fheadar na go bhfuil cuid de fós ann . Tá lios comhgarach do áit.
    Muircheartach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann fadó agus gach oidhche bhiodh sí ag sníomh. Oidhche amháin bhí sí ag sníomh ar fead na h-oidhche agus bhí an chlann go léir imighthe a chodla agus tháinig bean mhór isteach. Dubhairt sí "Cioram is cártham, snátham is níghfam is bréag scroid árnáin bean a tighe cúgam."
    Dubhairt bean a tighe annsan, "Tá sliabh na mban bhfionn tre theinne", agus do rith an bean mhór amach agus dubhairt sí "mo bhotháinín-sé mo bhotháinín-sé" Annsan do dhún bean a tighe an doras agus chuaidh sí a chodhla.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.