Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi
- Suíomh:
- An Chrois, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Ó Héadtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chros (B), Cill Chaoi
- XML Leathanach 350
- XML “Oidhre Chluain an Fhíona”
- XML “Dán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seán dán ag moladh duine eicint eile sa Chomharsanacht is
Sil ODonncadha go ndearna sé breis ? air seachas
a leanbh féinigh is sheol sé an bhó amach ar thaobh an bhothair
Nuair a chonnaic Seán amuich í, ghaibh sé isteach chuige agus labhair mar seo leanas"Táim in fuadarlach bocht brúighthe crionna liath lag
Go bhfuil mo dhúil ins an leamhnacht leamh le toirt.
Cuirim an t-Ur-Mhac fe'n bhur gCuindche is Rí na bhFeart
Is ná stiuiridh mo ghamhnach fe'n sliabh amach"
"Muise, mo gradham croidhe thú a Sheáin!" arsa ODonncadha
Is ná bhiodh buaidhirt ort i dtaobh na bó mar fad is
Rogha leat-sa agus beo domh-sa ní coireofar as an bpáirc seo feasta í". - Seo dan eile a ceap Seán de h0rdha i dtaobh cailín a chomhnuigh ar Sliabh Maigh-mhín tráth.Bláth Bán Úr an tSleibhe. Fonn: Fainne Geal an Lae.Sé mo creach gan me i ndeire an lae, san áit abhfuil an sliabh
Nó ag siubhal na gleann fe scáth na gcrann is mo gradh geal le mo thaoibh
Do thabhairfinn sgíth ar bhrón mo chroidhe is marbh fada liom an oidhche
Is bheadh mo ceann se lán de ghreann sul a sínfinn ann am luighe(leanann ar an chéad leathanach eile)