Tadhg O'Seaghdha Inis d'innis iad so.
Trí saghas Fear -
Fear grafaigh
Fear fiadhaigh
Fear gaoithe
Trí neithe nac féidir a cheannac
Guth
Féile
Filidheact
Trí neithe nac réidhtigheann le chéile
Beirt bhan posta in aon tigh amhain
Dá chat os comhair aon luiche amhain
Beirt oigh fhear indiaidh aon mhná
Trí neithe a bhaineas le sonas
Fál
Faisc
Moc éirighe
Neithe nác féidir a fhághailt
Bainne cíoc circe
Adharc muice
Cleithe cait
Trí comharthai an daithlín
Feirc
Fiafruighe
Feaduigheal
(leanann ar an chéad leathanach eile)