Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail

Suíomh:
Coill Chláráin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ss. Ó Muineóg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Leathanach 455
  3. XML “Brian Merriman”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugadh agus tógadh Brian Merryman in Innistiomán. Bhí a athair agus a mháthair an bhocht. Nuair a bhí Brian cúpla bliadhain d'aois tháinig sé féin agus a athair agus a mháthair go dtí Cill an Éana. Bhíodar in a chomhnaidhe ins an áit sin ar feadh tamall. Bhí a athair in a tuigheadóir agus in a clogadóir ann agus do dhéin sé an falla atá timcheall an t-séipéal.
    Is dóigh go bhfuair Brian oideachas maith o sgoláire bochta a bhí san áit seo. Fear caol, ard cuin, le sallow complexion dob eadh é. Do caith sé frieze cota agus dhá cnapaí ag bun na h-earball. Bhí briste gearr déanta de Curdory aige. Bhí sé ceangailte ag a ghlúin le trí cnapaí ar gach cos. Bhí stócaí fada aige agus bhí siad déanta de olainn liath. Bhí a bhróga trom agus garbh. Bhí siad ceangailte do a cosa le h-iall no sort strapaí.
    Do sgriobh sé Cúirt an Mhéadhon Oidhche agus Poitín nuair a bhí sé ag múnadh sgoile in gCill Claráin. Deireadh go raibh sé in a chodladh lá i bpáirc Eamonn O h-Éilighe in aice Droichid Bun Shoon nuair a bhí an aisling aige. Tugadh é treasna Doire na gCnoch Buidhe bárr ruadh don aoibheall, os chómhair an t-Sluaigh Sidhe in aice tighe Bhean Uí Mach Donnadha an áit in a raibh sean-sheipéal.
    Bhí sé ag múnadh sgoile i gCill Claráin in aiche na h-áite in a bhfuil Seán O Tuthaigh in a comnuidhe anois. D'fhan sé le Mícheál Mac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge