Scoil: Ballycorney, Cill Dá Lua
- Suíomh:
- Baile Uí Choirne, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ailís, Bean Uí Rabhartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is í Cill-Dá-Lua mo pharróiste féin. Tá sí suidhte in oirthear Conndae an Chlair. Bháisteadh an ain sin ar an pharróiste mar do bhí naomh darbh ainm Lua in a chomhnidhe ann sa t-sean aimsear. Tá trí seipéal san parróiste, I gCill-Dá-Lua, I Garránbuidhe agus I mBaile an Droichid.
Tá mé im chomhniodhe is Finnliath i parróiste Cill-Dá-Lua, I barúntacht Tulach iochtarach. Báisteadh an t-ainm sin ar mo áit chomhnuidthe ón gcuma atá air. “Finnliath” sin an áit áluinn.
Níl a lán sean daoine in Finnliath os chionn 70 blian. Tá fear darbh ainm Sean Ó Bhriain ós cionn 70 blian. Seo daoine eile in pharróiste atá ós cionn 70 blian. Baintreach an Bhreathnaigh, Baile Uí Cóirne, Cill Dá Lua; Baintreach Uí Bhreasail, Cluanfada, Cill Dá Lua; Miceál Ó Loinsigh, Baile Cille Dé, Cill Dá Lua; Séamus Mach Airchinnigh agus a dhrifúir Síle, Gort Mach Gaoithe, Cill Dá Lua. Níl Gaeilge acu. Is féidir leo scéalta a innsint i mBéarla.
Tá cúig tighthe in Árdcluanaigh. Slinn [?] atá ortha. Tá dhá sheana-chabhlach tighe ann. Níor ghnáthach le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailís Bean Uí Rabhartaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Scoláirí