Scoil: Kilkishen, Sixmilebridge
- Suíomh:
- Cill Chisín, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádraig Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bóthar ag dul tré choill in aice Átha Leathain dárb' ainm dó an "bóthar Sopaí". San am fadó tháinig bean go dtí an bóthar seo ins an oidhche tímcheall a dó dheag a clog. Bhí eagla mór ar na daoine mór thímcheall na h-áite roimpí. Dá mbeadh sé dorca nuair a béidís ag teacht ó Luimnigh to raghfaidís bóthar eile.
Bhí fear in an cómharsanacht agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé an bhean bhán ón áit sin. Chuaidh sé go bean aosta eile a bhí in a cómhnuidhe ar an gcnoc. Bhí eolas ar na daoine maithe aice. Dubhairt sí leis dul ag marcuigheacht ar chapall mbán agus sgian dubh a bheith aige. Bhí an sgian cun í do sháith ar chliathán na mná báine. Dubhairt sé to mbeadh sé uirthí dul to dtí tón an locha ag deanamh sugán den gainimh.
Fuair sé an capall bán agus an sgial dubh. Nuair a tháinig sé go dtí an áit in a raibh an bheab bhán bhí sí in a seasamh ar an mbóthar agus bata in a láimh aice. Ní fheaca an capall í in aon chor. D'arguigh sí an bata cun e(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maedlín Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Droma, Co. an Chláir