Scoil: Láithreach
- Suíomh:
- Láithreach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Mrs Duffy
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Láithreach
- XML Leathanach 131
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéul a dó.
Bhi sean-shaighduir in a chomhnuidhe i gConndae Mhuigheo uair amháin, agus 's é an ceirde bhi aige na a' dul chuig gach uile aonach agus margadh a' liostáil fear óg do'n Airm. Lá amháin i mí na Nodlag bhi aistear deich míle roimhe le dul chun aonaigh. Bhi ceóltóir in a chuideachta. Fear dubh do b'eadh é, an ceólteoir do bhiodh a' seideadh trumpa cun amadán óg na tíre a' chruinniú thart air.
Cha raibh clog na uaireadóir le faghail ag an am sin agus an oidhche roimh lá an aonaigh d'eirigh an bheirt i lár na h-oidhche agus ghluais siad ar aghaidh chuig an aonach.
Bhi an bóthar lom, garbh, sléibhteach, gan scáth gan fascadh ar aon taobh de. Bhi sé a' fearthainn go trom agus bhi siad fuar and fliuc go croiceann.
Fa dheireadh tháinig siad chuige teach. Chuaidh an Saighdiuir go dti an doras, d'fhoscail sé é agus chuaidh an bheirt aca isteach. Las siad solas agus d'fheuc siád mór thimpeall. Cha raibh dada ann acht bórd ar lár an urláir agus dornán tuighe ar an cheann íochtar de.
Shuidh siád ar an bhórd agus rith an t-uisce as a gcuid éadaigh. Car bhfada go gcualaidh siád glór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Bean Uí Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ua Cumascaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuaisceart, Co. Mhuineacháin