Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Éadaí”
  4. XML “Cniotáil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus déanann sé an-chuid oibre do na daoine annso.
    Oibrigheann na táilliúirí sa bhaile anois, fadó do théighidís ó thigh go thigh mar a théigheadh siúinéirí agus ughaimeadóirí. Is gnáthach leis na táilliúirí éadach a bheith sa tigh acu le díol.
    Ceannuigheann siad an t-éadach ins an muileann in Ardfhionnáin, agus ó's na siopaí móra agus i mBaile-Átha-Cliath. Bíonn siosúr, deimheas, miosúr, inneal fuaghála, snáth agus snáthaid, méarachan, iarann mór trom agus píosa cailce ag an táilliúir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cniotálann bean dárbh ainm dí Cáit Ní Lonnargáin a comhnuigheann ag dún an Fhaoitigh in aice Cill Manaicín stocaí le maisín. Tugann na daoine a dheineann sí stocaí dóibh an snáth dí, ceannuigheann siad an snáth ins na siopaí.
    Tá roinnt túirne i mBarra na h-Uidhre ach níl aon ceann sa pharróiste seo.
    Oibrigheann Bean Ní Crottaigh ó Barra na h-Uidhre an túirne fós. Slámann sí agus sníomhann sí an olann agus déinann sí stocaí de.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.