Scoil: An Charraig Bheag, Carraig na Siúire

Suíomh:
An Charraig Bheag, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Comhraidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0655, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0655, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig Bheag, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “An Taibhreamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear annso fadó agus deineadh taidhbhreamh do trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh cróca óir ar droichead Luimnigh agus go mbeidh sé in a fhear saibhir dá dteigheadh sé ann. Fear bocht ba eadh é agus dubhairt sé leis féin go raghaidh sé ann. Chuaidh sé go Luimnigh agus bhiodh sé ag siubhal síos suas an droichead gach aon lá ach ní raibh aon ór le feiscint aige. Bhí an fear bocht cráidhte go maith agus bíodh sé a rádh leis féin gur mhór an t-amadán é agus teacht comh fada ó baile mar gheall ar daidhbhreamh. Tháinig fear cuige lá agus arsa sé leis "A chara táim ag féachaint ort le seachtain ag siubhal síos suas an droichead seo. Cad atá tú á dhéanamh nó cad é an gnó atá agat?" Gnó ait mhuise", arsa an fear bocht "Beidh náire orm é d'innsint duit ach táim comh cráite sin gur cuma liom. Taidhbhreamh a deineadh dom go bhfaigheann cróca ór ar an droichead seo.2 "A dhuine bocht" arsa an fear. "Teighir abhaile duit féin. Taidhbhreamh an runcéanna dom féin, ach ba é áit a dubhradh liom a raibh sé ná fé chrann sgeiche, gile i ngáirdín a leitheid so guine i gCondae Portlairge. "Ó Condae Phortlairge dom féin" arsa an fear bocht crádte. "Tá sé comh maith dom anois dul abhaile" arsa an fear bocht. "ach má bhí sé craidhte bhí sé gasta mar níor innis sé do fhear Portláirge gurabh é in a gháirdín féin sa mbaile a bhí sé tar éis a rádh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán de Búrca
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seathrún de Búrca
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Charraig Bheag (Tuath), Co. Phort Láirge