School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Dún Átha, Co. an Chláir
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 295
  3. XML “Máire Bhán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dreácht é seo do chúm Seán Lloyd ar bhás Mháire Bhán nic Dhomnaill bean phósta Mhuirceartaigh ní Mhathghamna ó Cluain an Fhíona. Inghean do Shéarlus Mac Domhnaill ó Cill-Chaoidhe dob eadh Maíre agus pósadh í go priobháideach i Lughnasa 1750. An mhí in a dhiaidh sín d'fhuaduigh an Mathghamhnac leis í d'aimhdhéoin a máthar.

    Maidir le Samhairle agus Sibeal atá ainmnithe ar shinnsear na mná seo, pósadh iad 1718. Inghean do Chriostóir Ó Bríain ó Inis Diomáin dob' eadh Sibeal agus ó Aondruim dob' eadh Samhairle. Sin e an fáth go ndeirtear sa dán gur siolruigeadh Máire ó mhuinntir Colla do ghaibh Rí-Fhlaitheas ar Ultaibh tráth "san líne athardha"

    Craobh an Rí Reachtmhara leis dob' eadh í toisc gur siolruigheadh í (ó thaobh a mháthar) ó Bhrían Bóramha

    MÁIRE BHÁN
    Monuar, an cás, truadhamhail tlás,
    I dluadh-mhumhain Áird-Fhearainn ghlais
    Mar d'fuaduig an bás an stuaire sár
    Gruadh-gheal grádhac, geanmnach
    Is í dob' fhearr fírinne, fáth
    Caoine is cáil maitheasa
    'S is daor an dáil díth na mná
    Coidhche i gClár Banban

    (II)
    'S gruaidh-fhliuc bhíd buadhartha an bhuidean
    Sluagh bhan-sídhe feascuithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Lloyd
    Gender
    Male