Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 282
- XML “An Ceithearnach agus Mac Agairt na Feamugheata”
- XML “An Glas Gamhnach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an truaill agus chonnaic sé ainm a athar scríobtha ar an lann le na fhuil feín. Scríobh Ceithearnach a ainm air nuair bhí Mac Agairt ag tabhairt na díghe dhó.Do mharbhuigh Mac an Ch, Mac Agairt lom láithreach.ó Sheán Ó Loingsigh, Cuibhreann, Có an Chláir
- Bó bhainne a tháinig go dtí an áit seo fadó (ní fios cérb as í) Bhíodh sí ag ingior sna fearainn bhá mhéithe a bhí le fághail. Nuair bhíonn aoinne ag an moladh a fheirme fós deireann sé go mbíod an Glas Gamhnach ag féarac inntí.Bhí an buadh so aicí nár fhéad aoinne iomlán a bainne uaithí. Líonadh sí gach soitheach bhí le fághail. Thainig bean na Sainnte ón Ros agus seift aicí cun an lámh uachtair d'fághail ar an mbuin. Cad a chuir sí fuíthí acht críathar agus níor fhéad an bhó é do líonadh. Nuair do chonnaic an Glas Gamhnac an feall a bhí dá imirt uirthí leim sí le faill agus bádhadh í i Ros. Tá rian a achoise le feiscint fós ar na carraigreaca ann.Is i Mágh Fhearta Mágh Mhín agus Cill Baile Eoghain a bíodh sí ag inbhear acht tá an sgéal céadna le cloisint lámh le Sráid na Cathrach maidir le h-áiteanna ar leith sa ndútháigh sin.Ní thagad an Glas Gamhnach acht go daoine bochta.