Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Dún Átha, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Ceithearnach an Chuibhrinn”
  4. XML “Ceithearnach an Chuibhrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gaiscidheach a chomhnuigh i gCuibhreann, Cill Caoidhe, Co. an Chláir ab'eadh an Ceithearnach Mac Mathghamhana ab'eadh a shloinne, adeir Seán Ó Loinsigh. Le na linn sin bhí Fátach i nDún Átha- fuaim na h Adharca ab' eadh ainm (deirtear gurbh adharc a bhí ag "fás" ar a cheann, nó ar a bháireád nó gur chosúil le fuaim adharce a ghuth.
    Bhiodh Ceithearnach ag baint íarrachtaí as agus ag magadh fé go minic agus níor fhéadh Fuaim teacht suas leis. Lá amhain buaileadar um a chéile láim le h Abhainn Dúin Átha agus thosnuigh an Ceithearnach ag baint iarrachtí as arís. Lean an Fátach é. Léim Ceithearnach thar an abhainn agus fuaim 'na dhiaidh acht do shleamhnuigh cos an fhátaigh agus tuit sé i ndiaidh a chinn ar an bhfód. Chuala an Ceithearnach búirtheach an Fhathaigh, d'iompuigh sé ar a sháil, chonnaic sé sínte é agus bain sé a cheann de de bhuile claidhimh. Tá an Fátach curtha san áit go dtugtar "Lios Fuaim na hAdarca" uirthí ar an léarscáil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Átha, Co. an Chláir
  2. An Ceithearnach is na Sidheóga.
    Lá ag gabhail thar Lios na Falainge (sa Tulach Ruadh, Cill- Chaoidhe) chuala sé an sluagh- sídhe sa lios ag casadh ceoil agus ag seanchas le na chéile. Do chuaidh sé isteach agus do sciob leis cailín a bhí 'na brágaid ag na sidhéoga. Bailigheadh an Sluagh-sidhe chun dul ar a dtóir acht le fíor spainéar a bhí aige choimeád sé amach íad agus d'éirigh leo a gcosa a thabhairt leis abhaile. Bhí an cailín go h-áluinn acht b'é donas an sgeil nár labhair sí focal leis ar fheadh blíana. Bliain is an lá sin tharla dó beith ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.